Is féidir leathanaigh suíomh idirlíne a ghineadh tríd lth a úsáid.
Chun tosú, déan íoslódáil ar an fillteán seo agus oscail lth.html. Is féidir lth a scríobh i do bhrabhsálaí, agus do leathanach HTML féin a íoslódáil!
Tá lth thar a bheith éasca le scríobh - tosaigh le lth { } agus cur breis gnéithe taobh istigh de na lúibíní { }.
Tá liosta de na gnéithe ar fad faoi seo, agus tugtha san uirlis féin.
Roinnt rialacha:
- Caithfear spás amháin a bheith idir ainm an ghné agus an lúibín oscailte - m.sh
ainm {. Ní oibríonnainm{nóainm {- (le dhá spás). - Caithfear tosú le
lth { } - Ní féidir leat lúibíní folamh a bheith agat riamh. Caithfear ar a laghad gné amháin a chur i ngach péire lúibíní.
- Is eisceacht iad na bun gnéithe. Cuirtear gnáth téacs, uimhreacha, seolta idirlíne taobh istigh de lúibíní na bun gnéithe, m.sh.
seoladh { www.peig.ie }nób { Seo téacs le béim (líne faoin téacs) a thaispeántar ar an leathanach ginnte. }
Féach sa fillteán samplaí chun roinnt samplaí agus na leathanaigh a ghineann siad a fheiceáil. Tá an téacs lth sna comhaid txt agus tá na leathanaigh
go ghintear sna comhaid html. Is féidir ceann de na comhaid txt a úsáid chun tús a chur le do leathanach féin!
lth: An leathanach féin. Téann gach rud istigh anseo. Glacann sé le [eolas, corp]eolas: Eolas faoin leathanach. Níl sé seo sofheicthe ar an leathanach féin. Glacann sé le [ainm, cursíos, údar, deilbhín]ainm: Ainm an leathanaigh féin. Bun gné í seo a ghlacann le téacscursíos: Cur síos ar an leathanach. Bun gné í seo a ghlacann le téacsúdar: Do ainm féin. Bun gné é seo a ghlacann le téacsdeilbhín: Nasc chuig do dheilbhín féin. Bun gné í seo a ghlacann le seoladh i bhfoirm URLcorp: Corp an leathanch féin (an cuid sofheicthe). Glacann sé le [bosca, ceann, croí, cos]bosca: Bosca ar an leathanach gur féidir ábhair a chur ann. Glacann le [teideal, alt, nasc, íomhá]ceann: Bosca réamhdéanta do bharr an leathanaigh. Úsáid in éineacht le cos & croí. Glacann na gnéithe céanna le bosca.croí: Bosca réamhdéanta do chroí an leathanaigh. Úsáid in éineacht le ceann & cos.Glacann na gnéithe céanna le bosca.cos: Bosca réamhdéanta do chos an leathanaigh.Úsáid in éineacht le ceann & croí. Glacann na gnéithe céanna le bosca.alt: Alt nua. Glacann sé le [nasc, g,t,l,b]teideal: Teideal nó fotheideal. Is gá tosú le 'uimhir'. Glacann le [uimhir, nasc, g, t, l, b]íomhá: Íomhá (pictiúr). Déantar an íomhá a lódáil ón URL tugtha in 'seoladh'. Glacann le [seoladh] amháin.nasc: Nasc chuig leathanach eile. Is gá tosú le 'seoladh'. Glacann le [seoladh, íomhá, g, t, l, b]seoladh: Bun gné í seo a ghlacann le téacs i bhfoirm 'URL'. Úsáidmailto:[email protected]chun nasc teagmhála a chruthú.uimhir: Bun gné í seo a ghlacann le uimhir idir 1-6 don teideal (1 is mó, 6 is lú).g: Gnáth-théacs. Bun gné é seo a ghlacann le téacst: Téacs 'trom'. Bun gné é seo a ghlacann le téacsl: Téacs 'lag'. Bun gné é seo a ghlacann le téacsb: Téacs le 'béim'. Bun gné é seo a ghlacann le téacs
Má tá spéis agat teagmháil a dhéanamh liom seol ríomhphost chugam le aon fadhbanna, deacrachtaí, smaointe nó ceartúcháin.